The Independent Broadcasters of Ireland logo

An Chéad Aip Raidió Gaeilge Riamh Ar Fáil Chun Íoslódáil Anois – An Seinnteoir Raidió Seolta ag RTÉ & IBI

Is mór an údar mórtais ag RTÉ agus ag an IBI aip nua raidió Gaeilge (An Seinnteoir Raidió) a fhógairt, áit a mbeidh, don chéad uair riamh, teacht ar chuile stáisiún raidió ar an oileán a chraolann trí mheán na Gaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte, chomh maith le 43 stáisiún raidió Éireannach eile, in aon áit amháin. RTÉ a rinne an fhorbairt ar an aip le cúnamh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, agus tá sé ar fáil in aisce ón App Store agus ón Play Store.

Is é Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, a sheol an aip, atá ar fáil anois ón iTunes App Store (iOS) agus an Google Play Store (Android). I dteannta Rónáin, bhí Bláthnaid Ní Chofaigh (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Chris Greene (RTÉ 2fm), Barbara Nic Dhonnacha (Classic Hits 4FM), Bláthnaid Treacy (RTÉ 2fm), Sean Rocks (RTÉ Raido 1) agus Eoghan McDermott (RTÉ 2fm).

Deir Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannsaí Gaeilge RTÉ: “Tá sé iontach go bhfuil ceannródaíocht léiríthe ag RTÉ i bhforbairt aip a thugann le chéile in aon áit amháin na seirbhísí raidió ar fad ar oileán na hÉireann, agus is léiriú é ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht, ó tharla tacaíocht luachmhar tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an IBI, don togra. Agus na seirbhísí raidió Gaeilge tugtha le chéile mar seo in aon áit amháin, cuireann sé leis an rogha seirbhísí raidió Gaeilge, agus an fáil atá orthu, ar bhealach nach raibh indéanta riamh roimhe seo don éisteoir.”

Deir Lisa Ní Choisdealbha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI): “Ba athrú mór i raidió na hÉireann a bhí i seoladh an Irish Radioplayer agus níl aon cheist ach gur amhlaidh a bheidh le seoladh An Seinnteoir Raidió. Le na stáisiúin raidió Gaeilge ar fad in aon áit amháin, beidh sé níos éasca ag an éisteoir tiúináil isteach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ag ár lucht éisteachta teacht ar raidió Gaeilge. Is léiriú é An Seinnteoir Raidió ar céard is féidir a dhéanamh nuair a chuireann craoltóirí a gcuid iomaíochas go leath-taobh agus díriú ar céard is fearr do lucht éisteacht raidió na hÉireann.”

Tá An Seinnteoir Raidió ar fáil chun íoslódáil anois ón iTunes App Store nó an Google Play Store.

Station Name

Postal Address (incl Eircode)

Reception Phone

Sales Phone

Postal Address (incl Eircode)

On-air Phone

On-air Text

Info Email

Sales Email

Website

Facebook

Twitter

Instagram

TikTok

LinkedIn

Other info